Below
are suggestions for possible walks.
Mt Brandon, one of Ireland’s three holy mountains,
and the second highest in Ireland. Saint Brendan prayed and fasted
on top of this mountain before he sailed on his epic journey
to North America.
Hard walk, 5-6 hours.
Cnoc Bhréanainn, cnoc beannaithe agus an dara cnoc is airde
in Éirinn. Dhéan Naomh Bréanainn guí agus
troscadh ar an gcnoc seo sarar sheol sé ar a thuras eipiciúil
go Tuaisceart Mheiriceá.
Siúlóid chrua de 5-6
uair a’chloig
Mt Eagle, the westernmost mountain in Ireland, panoramic views
of the Atlantic Ocean and the Blasket Islands.
Medium walk,5-6 hours.
-Sliabh an Iolair, an sliabh is faide
siar in Éirinn. Radharcanna
lánléargais den Atlantach agus na Blascaodaí.
Siúlóid mheánach 5-6 uair a’chloig
Croaghmhárthain, a peak with spectacular views. This
is where ‘Ryans Daughter was filmed by David Lean.
Medium walk, 5-6 hours.
Cruach Mharthain, binn le radharcanna álainne a chuaigh
i bhfeidhm ar David Lean gur anseo mórthimpeall a dhein
sé a scannán ‘Ryan’s Daughter’.
Siúlóid mheánach 5-6 uair a’chloig
Conor Pass, walks to Anascaul, Lispole, or toward Mt
Brandon. Beautiful lakes, valleys, waterfalls and several archaeological
sites.
Hard walk, 5-6 hours.
An Chonair, siúlóidí go hAbhainn an Scáil,
Lios Póil nó i gcomharsanacht Chnoc Bhréanainn.
Locha, gleannta agus easanna álainne mar aon lena lán
séadchomharthaí seandálaíochta.
Siúlóid
chrua de 5-6 uair a’chloig
Pilgrims’ Path, a walk from Ventry to the foot
of Mt Brandon. An ancient pathway that weaves its way through fields,
roadways and tracks passing farmsteads, archaeological sites
and early christian sites.
Medium walk, 5-6 hours.
Cosán na nOilithreach, gabhann an tsiúlóid ó Cheann
Trá thar láithreáin a bhfuil tábhacht
leo ó thaobh an chultúir agus na luathChríostaíochta
go sroistear bun Chnoc Bhréanainn.
Siúlóid
mheánach 5-6 uair a’chloig
Walks can also be organized
around points of interest: Holy Wells, Stone Walls, Archaeological
sites, Local history, Local literature and, of course, The Great Blasket
Island. Famous for its writers, music, songs and folklore, magical
and unforgettable scenery.
Hard walk, 8 hours. Ferry expenses included
in prize.
Is
féidir siúlóidí a chur ar fáil
a bheadh dírithe ar ghnéithe ar leith: Toibreacha
Beannaithe, Fallaí Cloch, Láthair Seandálaíochta,
Stair Áitiúil, Litríocht Áitiúil
agus, gan amhras, An Blascaod Mór. Baineann saibhreas
mór litríochta, béaloidis agus ceoil leis
an t-oileán seo maraon le radharcanna dodhearmadta.
Siúlóid chrua 8 uair a’chloig,
costais farantóireachta san áireamh sa phraghas
All walks can be reduced to 3 hours to suit the needs of the
walker.
Seo leanas tuairisc ó ghrúpa a rinne siúlóid:
“Gabhaim buíochas ó chroí leat as sinn
a thógaint ar thuras treoraithe chuig An Blascaod Mór
i mí Mheán Fómhair seo caite. B’shin
buaicphointe ár saoire a cheapamar ar fad. Chuir na sliochtaí a
léigh tú agus an cur síos a thug tú ar
shaol na n-oileánach go mór lenar dturas agus bhí spéis
ar leith againn san eolas a bhí agat ar an dtigh inar mhair
seanmháthair Tara Garvey. Bhaineamar ardtaitneamh as an
lá agus go deimhin ba ‘ócáid dodhearmadta’ dúinn é.
I mbliana, tá turas eile á bheartú againn
do mhí Mheán Fómhair(2007) agus ba mhaith
linn, dá mbeifeá sásta, tú bheith linn
agus turas treoraithe eile a chur ar fáil dúinn go
dtí An Blascaod Mór, mar a dhéan tú anuraidh,
agus b’fhéidir camchuairt iomlán den leithinis
chomh maith.”
|