Faoiseamh Faoistine
Tair
liom agus bí liom
Taobh le taobh, cois ar chois
Le faobhar na faille siar.
Féach agus feicfir
Radharc úr na súl flúirseach
Oscail poll balbh na cluaise
É
ist go géar le fothram mara
Cloisir glórtha ó dhoimhneas uisce
Fiafrófar duit, labhair agus freagair
Oscail do mheabhair do radharc tíre.
Tair liom agus fan liom
Taobh na faille suas in airde
Ar scriolleach garbh Cinn Sratha
Marcaigh tamall ar shrathar tíre
Tabhair spoir do shrianta bréithre
Siar síos go híor na spéire
Tuirling tamall agus clois arís
Focail mholta ó mhuir na sinsireachta.
Tair liom agus fan faram
Taobh choróin na Gráige tharais
Tabhair fén gcruach in airde
Ardaigh díot do chaipín ceoigh
Lasfar duit do mhianta dorchadais
Súfar uait éad agus formad
Brón agus buairt agus crá croí.
|
Buail
liom agus tair liom
Mac nó iníon nó leannán tí
Athair,máthair, driotháir nó driofúr
Duine gaolmhar nó comharsa suaite
Dein t’fhaoistin ag Barra Cruaiche
Abair do rún leis an Triúr Driféar
Le Ceann Sibéal agus Bréanainn thall
Samhlófar duit Conn Crithir ina shuan
Cífir greanta sloinnte ársa
Dealbhaithe ag ealaíontóirí ábalta
D’fhuil Normannach agus tréithe Gael
Firtéarach imirceach i bhfad i gcéin
Muircheartach macánta láimh le loch.
Siúl go réidh agus scaoil le do rún
Ar fuaid na sléibhe i radharc do mhuintire
Tair liom agus dein t’fhaoistin
Agus gheobhair ansúd faoiseamh aigne
Fuasclófar tú ó dhúr an dorchadais
A seolfar chun siúil an cuan amach
Téir
arís i d’aonar seal
Le faobhar na faille siar
É ist go héadrom agus labhair ós íseal
Le clocha, carraigeacha agus faoileáin mhara;
Dein t’fhaoistin agus geobhair faoiseamh,
Ach fill thar n-ais ar do mhuintir féinig
Agus geobhair athuair go flúirseach fáilteach
Croí agus muintearas agus éisteacht bhuan. |
 |