Tá lámh
na staire le feiscint ar fud na dúthaí. Seo an
ceantar in Éirinn is flúirsí le Clocha
Oghaim. Tá seantraidisiún
scothcheardaíochta cloch anseo, mar is léir ós
na clocháin coirceogacha, aireagail, fothraigh Hiberno-Rómhánúla
agus na caisleáin Normannacha. Chun iarsmaí staire
a aimsiú, is minic, in éagmais comharthaíochta,
gur gá eolas áitiúil nú eolas ar
an dinnseanchas atá fíorshaibhir sa cheantar.
Tá a
stair féin ag gach áit anseo agus d’fhéadfadh
go spreagfadh camchuairt cuntais ar Chath Fionntrá,
Tóraíocht
Dhiarmada agus Gráinne nú taiscéalaíocht(Navigatio)
Naomh Bhréanainn atá luaite le háiteanna
ar leith anseo.
A
land made for walkers, this peninsula offers a variety of terrains
for every skill and interest. The Dingle Way circumnavigates the
entire peninsula. The Saints’ and the Pilgrims’ Ways
mark ancient movements. The less public ways hold their own enchantments,
walks deep into valleys scored into the mountains, beside cliff tops
with drops to the sea, along beaches rich with fossils. Each place
offer its own discoveries to the attentive eye and ear.
Tá rianta
siúlóide seanbhunaithe sa cheantar agus toisc an éagsúlacht
tír-raoin, oireann an leithinis seo don uile shaghas saoire siúlóide.
Ciorclaíonn Slí an Daingin an leithinis ar fad. Is seanbhealaí do
choisithe iad Cosán na Naomh nú Cosán na nOilithreach
atá fós in úsáid. Is inspéise leis
bheith ag siúl nú ag fánaíocht ar na bealaí neamhmharcáilte
inar féidir siúl trí ghleannta nó ardáin
atá saibhir le séadchomharthaí staire agus dúlra
go dtugtar dóibh aitheantas idirnaisiúnta.
Danny
Sheehy is born, raised and lives in Corca Dhuine, the Irish name
for the Dingle Peninsula. A poet,
a farmer, an author, a fisherman, a man at home on sea or land, he
is a storyteller of some renown and a fine walker. Eloquent in English,
his first language is Irish. He has been leading walks for a dozen
years, and this year he will lead customised walks on the Dingle
Peninsula, walks tailored to the interests of groups no larger than
five. Half days or full days, or days in succession, Danny will offer
his knowledge of the country and its stories, leading walkers along
paths old and new. Dawn walks, night walks, fasting walks, silent
walks. Story walks, history walks, walks in any weather. All are
available. With consultation, the walk you take will be your very
own.
Is file, feirmeoir,
fear fionnachtain agus údar é Danny/Domhnall Mac
Síthigh a rugadh agus a tógadh i gCorca Dhuibhne
agus is ann a mhaireann sé. An Ghaeilge a chéadteanga
agus tá an Béarla ar a thoil aige chomh maith. Is
iomaí turas farraige i bhfad is i gcéin atá déanta
aige i mbáid traidisiúnta agus tá an-eolas
aige ar chóstaí Chorca Dhuibhne. Le dhá bhliain
déag tá turasanna siúlóide á n-eagrú aige
agus i mbliana beidh sé ag stiúrú siúlóidí a
bheidh in oiriúint do ghrúpaí móra,
beaga agus ana bheag. Cuireann Domhnall a eolas saoil ar ghnéithe
aiceanta, stair agus béaloideas an cheantair ar fáil
i dturas lae nó leathlae nó ar laethanta i ndiaidh
a chéile. Tá rogha fairsing siúlóidí ar
fáil idir shiúlóidí staire, siúlóidí seanchais,
siúlóidí le breacadh an lae nó istoíche,
siúlóidí tostacha nú ar lorg na naomh.